A óige agus ag éirí aníos sa teach agus sa scoil: Tógadh Seosamh in áit iarghúlta i dteach beag ins na cnoic, Scathbhuí a bhí ar an áit. A athair mór a thóg an teach ar dtús. Bhí seisear i dteaghlach Sheosaimh. Chaitheadh siad dul go dtí na Brocachaigh le post agus siopa a fháil. Ní raibh bealach fhad leis an teach.
Bhí cúpla míle le siúl na scoile acu, dhá mhíle de fríd an chnoc, is iomaí am nach mbíodh siad ábalta a dhul, d’fhéadtaí a dhul ar seachrán sa cheo ar an chnoc. A am ar an scoil. Johnny Mc Monagale an máistir a bhí ann sr dtús. Bhíodh siad costarnocht ag dul na scoile.
Teach ceann tuí a bhí acu, a chur siad féin air. Bhíodh a athair ag cur tuí ar thithe. Urlár de chre ghorm a bhí sa teach, urlár creafóige. I ndeireadh ama, chuir a athair urlár stroighne isteach. | 00:06:16 | |